Introduction

Autor: Anne Marie Devlin, Katie Ní Loingsigh, T.J. Ó Ceallaigh, Aisling O'Donnell
Jazyk: English<br />Irish<br />Gaelic; Scottish Gaelic
Rok vydání: 2024
Předmět:
Zdroj: Teanga: The Journal of the Irish Association for Applied Linguistics, Vol 31 (2024)
Druh dokumentu: article
ISSN: 0332-205X
2565-6325
Popis: Is mór an onóir é don Fhoireann Eagarthóireachta nua an 31ú heagrán den iris TEANGA a chur i láthair agus clochmhíle thábhachtach á chéiliúradh againn: comóradh cúig bliana daichead na hirise. Bliain bhisiúil agus thairbheach ab ea í dúinn mar eagarthóirí, agus tá ríméad orainn i ngeall ar an líon mór páipéar ar ardchaighdeán a fuarthas i nGaeilge agus i mBéarla. Léiriú ar dhíogras agus ar dhúthracht iar-eagarthoirí na hirise is ea rannpháirtíocht láidir an phobail léinn. Ba dhíol béime acu go ndéanfaí an iontaofacht agus an tsoiléireacht a chur chun cinn, ar dlúthchodanna den iris iad. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na hiar-eagarthóirí as an tacaíocht leanúnach a thug siad dúinn agus sinn ag dul i ngleic lenár gcúraimí úra mar eagarthóirí. Chuir an tacaíocht seo ar ár gcumas tógáil ar an mbonn láidir acadúil a leagadh síos go nuige seo. Déanfaimid ár ndícheall na hardchaighdeáin a leagadh síos roimhe seo a choimeád. Airítear páipéar tosaigh, deich bpáipéar taighde agus léirmheas leabhair amháin in eagrán reatha na hirise. Cé go gcuimsítear réimse leathan ábhar anseo, is féidir scagadh a dhéanamh ar na páipéir de réir dhá mhórchatagóir, catagóirí atá fós comhlántach lena chéile mar sin féin – cleachtais teanga agus oideachas teanga. As the new Editorial Team, it is our honour to both introduce the 31st issue of TEANGA and to celebrate an important milestone: the journal’s 45th anniversary. It has been a dynamic and rewarding year since we assumed our roles, and we are thrilled by the volume and quality of submissions received in both Irish and English. This strong engagement from the scholarly community is a testament to the hard work of our predecessors, who have advanced the journal’s commitment to scientific rigour and international visibility. We would like to express our heartfelt gratitude to the outgoing team for all their support and for making the transition so smooth which enabled us to build upon a solid foundation of excellence. We will strive to maintain the high standards set by them. The current issue includes one introductory paper, ten research papers and one book review. While the content of the research papers is wide ranging, it can be broken down into two broad, yet complementary categories – language practices and language education. The Editors: Anne Marie Devlin, Katie Ní Loingsigh, T.J. Ó Ceallaigh and Aisling O’Donnell
Databáze: Directory of Open Access Journals