Popis: |
Déanann an tráchtas seo cur síos ar na hidé-eolaíochtaí freasúracha teanga a bhí i réim i gConradh na Gaeilge agus san Language Freedom Movement (LFM) idir 1965 agus 1974. Áiteofar gurbh fhrámaí cognaíocha agus tuisceana iad na hidé-eolaíochtaí sin trínar cruthaíodh agus trínar athchruthaíodh dioscúrsaí iomaíocha chun ceist na Gaeilge agus na náisiúntachta a phlé agus a shaobhadh. Rinneadh é seo ar mhaithe le bonn uilíoch, dlisteanach agus ciallmhar a chur faoi idé-eolaíochtaí an dá ghluaiseacht i leith na Gaeilge. Mar thoradh ar theacht chun cinn na nua-aoiseachta sna seascaidí gan trácht ar an rian a d'fhág clár forbartha eacnamaíochta Lemass agus Whitaker ar an tsochaí trí chéile, áiteofar gur thosaigh Conradh na Gaeilge agus an LFM ag ceistiú na bhféiniúlachtaí traidisiúnta sa saol chomh maith le tiomantas na bunaíochta do na féiniúlachtaí sin. Agus an taighde seo á neadú laistigh de chomhthéacs suaite agus ceistitheach na seascaidí in Éirinn agus i gcéin, áiteofar gur thug Conradh na Gaeilge agus an LFM faoi tháirgeacht shiombalach leis an aidhm go samhlófaí bríonna, idéil agus luachanna as an nua chun an teanga mar aon leis an náisiúntacht a mhíniú agus a chur in iúl. Is mian leis an tráchtas seo tuiscint a fháil ar na próisis tháirgeachta agus atáirgeachta (gníomhúchán) a ndeachaigh an dá ghluaiseacht ina muinín chun a n-idé-eolaíochtaí teanga féin a chruthú agus a chur chun cinn. Ina theannta sin, áiteofar gurbh é beartas teanga an Stáit (an Ghaeilge éigeantach) an láthair allagair (idirghníomhaíocht) ar ar tháinig an dá ghluaiseacht le chéile chun a n-idé-eolaíochtaí teanga a phlé agus a chosaint. Is í an choimhlint idé-eolaíochta agus smaointe sin idir Conradh na Gaeilge agus an LFM is spéis liom sa tráchtas seo. 2019-01-20 |