Claonadh Inscne, Líonraí Néaracha, agus an Ghaeilge

Autor: Scannell, Kevin P.
Rok vydání: 2020
Předmět:
Popis: Baineann an t-alt seo leis an meaisínfhoghlaim, réimse ríomheolaíochta atá go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann. Is éard atá i gceist leis an meaisínfhoghlaim ná raon leathan teicnící a ligeann don ríomhaire scileanna nua a fhoghlaim as a stuaim féin. Mar shampla, chun córas ríomhaistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge a fhorbairt, is leor bailiúchán abairtí dátheangacha (na sonraí traenála) a sholáthar don ríomhaire sa chaoi gur féidir leis ginearálú a dhéanamh ó na sonraí sin agus abairtí nua a aistriú. An rud is tábhachtaí le tuiscint faoin chur chuige seo ná nach mbaineann sé úsáid as aon saineolas teangeolaíochta ar bith, seachas an saineolas intuigthe atá leabaithe sna sonraí traenála.
Databáze: OpenAIRE